Daonscoil - Cuspóir agus Fealsúnacht Daonscoil - Aims and History

Cuspóir agus Fealsúnacht

Bunaíodh Daonscoil na Mumhan mar sheachtain chaidrimh agus oideachais do dhaoine fásta a labraíonn an Ghaeilge - seacht lá ina shnaidhmfí forbairt chultúrtha agus foghlaim, cairdeas agus canadh, ceol agus cadráil, éisteacht le malairt tuairime agus lorg fios fátha. Sos é freisin ó thiaráil na bliana fada, saoire in aice na farraige.

Bíonn fís na hÉireann athGhaelaithe mar chúlra don Daonscoil agus déantar talamh slán de gur rí-thábhachtach don náisiún ár dteanga féin a bheith á labhairt.

Aims and History

The Munster Folk School was established in 1953 as an educational week for adults mostly. The educational methods used ensure a most enjoyable week is had by all - lectures, debates, symposia, classes for all levels of Irish language competence, poetry reading, recitals, recitation and poetry writing, art classes, a variety of games, swimming, hill walking, bus tours, music, choral singing and more.

A vision of Ireland where the Irish language flourishes imbues everything we do at the Daonscoil. As is obvious, all aspects of Irish culture are encouraged.

Stair na Daonscoile

I 1952 mhol Pádraig Ó hÍceadha, feirmeoir óg ó Dhúthalla, gur chóir tionól seachtaine do Ghaeilgeoirí a eagrú gach bliain. Ghlac Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge leis an moladh seo agus deineadh amhlaidh.

Le comhoibriú ón bhFear Mór, Bainisteoir Choláiste na Rinne sna Déise, bhí an chéad tionól sa Rinn. Agus is i gColáiste na Rinne a tionóladh gach Daonscoil ó shin i leith. Níor tugadh "Daonscoil" ar an ócáid go ceann tamaill agus ní bhíodh aon téama faoi leith don tseachtain sna blianta tosaigh. Ní ba dhéanaí socraíodh ar théama a roghnú don scoil. Mar shampla ba é téama 2002 "Caoga Bliain faoi Bhláth".

Lean Pádraig Ó hÍceadha mar Stiúrthóir na Daonscoile ó 1953 go 1999. Tá Pádraig Ó Dálaigh ina Chisteoir ó 1958 i leith. Bhí a lán daoine eile, leis, a chaith a ndúthracht leis an tionsnamh.

Ó 1996 i leith bíonn Daonscoil an Fhómhair i nGuagán Barra, in Iarthar Chorcaí. Deireadh seachtaine i Mí Dheireadh Fómhair a roghnaítear don ócáid seo.

Seoladh leabhar cuimhní in ómós do Phádraig Ó hÍceadha sa Rinn i 2002.

History of the Daonscoil

Since its inception in 1953 at the suggestion of a young farmer, Pádraig Ó hÍceadha, the Daonscoil has been held at Coláiste na Rinne (Ring College) in County Waterford. In later years, a debate and discussion theme has been set each year. In 2002, for example, to celebrate the Daonscoil's 50th Anniversary, the theme was "Caoga Bliain Faoi Bhláth".

An additional autumn Folk School has also been held since 1996 in Guagán Barra in County Cork. It, too, has a special theme.

Scíth / Caitheamh Aimsire

Tá suaimhneas ar leith le brath ar sheachtain na Daonscoile in Oirdheisceart na Gréine gach Lúnasa. Suite mar atá sé ar imeall na farraige tá deiseanna siúlóide ag sméideadh ó gach taobh. Bíonn dreamanna beaga le feiscint ag siúl leo gach am den lá. Siúlóid mhall shuaimhneach nó a mhalairt, tá slite fíorthaitneamhacha sa Rinn don siúlóir.

Ceol, Amhránaíocht, Rince agus Filíocht

Is dlúthchuid den Daonscoil an ceol is an amhránaíocht díreach tar éis an bhricfeasta gach maidin. Is léir ón tinreamh breá a bhíonn i láthair go mbaineann lucht na Daonscoile an-sásamh as an amhránaíocht.

Buaileann na ceoltóirí le chéile go mion minic le linn na seachtaine agus is iomaí seisiún bríomhar a bhíonn le clos le linn na seachtaine, cuid mhaith de amuigh faoin aer!

Bíonn céilí ar siúl chuile oíche agus múinteoir gairmiúil i mbun múinte gach tráthnóna.

Gaelic Folkschool

The proceedings are built around the daily lectures. These are of a very high standard, usually given by University professors, or radio and television personalities, or government ministers or other such persons who are recognised leaders in their field of work.

Poetry sessions are conducted by leading poets and are very popular.

Irish music is cultivated in formal classes and impromptu, informal sessions both indoor and out.


Abhaile | Daonscoil | Suíomh | Clár | Cartlann | Teagmháil


Teagmháil

Daonscoil Na Mumhan
48 Bothar Mhic Liam
Cnoc Mhuirfean
Co. Átha Cliath

E-phost: eolas@daonscoil.com