-
-
- Baile
Gaelach
BAILE
GAELACH
Na hiarrachtaí go léir go dtí seo chun an Gaeilge
d'athbheochan, d'fhéadfaí a rá mar gheall orthu
gut toradh teoranta a bhí orthu sa chuid is fearr de.
Admhaíonn
gach aoinne dá n-imeodh an Ghaeltacht go mbeadh sé
chomh deacair sin an Ghaeilge d'athbheochan, go mbeadh sé
ionann agus do-dhéanta.
Theip
go dtí seo ar na hiarrachtaí a deineadh chun staid
na Gaeilge mar theanga labhartha a bhuanú sna Gaeltachtaí.
Tá an Fhíor-Ghaeltacht á cúngú
i gcónaí. Faoin gcóras daonlathach atá
sa tír seo, tá cead ag aoinne sealúchas a cheannach
in aon cheantar Gaeltachta is mian leo. Sa tslí sin tá
ar chumas daoine gan Ghaeilge cur futhu sa Ghaeltacht, agus a fhios
acu, nó gan fhios acu, gur limistéar labhartha Gaeilge
atá sa cheantar sin; rud é sin a lagaíonn an
pobal áitiúil Gaeilge. Is fadhbh é seo nár
deineadh aon rud mar gheall uirthi, agus nach bhfuil aon pholasaí
eagruithe ann chun déileáil léi. Ach is dócha
go mbeadh cosc bunreachtúil ar aon pholasaí dá
leithéid.
Imeachtaí
den saghas atá luaite thuas is cúis leis an gcuid
is mó de na daoine a bheith ag ceapadh anois nach féidir
na Gaeltachtaí a fhorbairt mar ionaid inmharthana a thuilleadh,
d'ainneoin iarrachtaí Udarás na Gaeltacht, Roinn na
Gaeltachta, Bhord na Gaeilge etc.
Is
fíor go raibh toradh beag éigin ar rudaí áirithe
a deineadh chun cabhrú leis an Gaeilge.
Radio
na Gaeltachta: Éisteann an chuid is mó de mhuintir
na Gaeltachta go rialta le Radio na Gaeltachta, chomh maith le mórán
daoine in áiteanna eile ar fud na tíre.
Na
Gaelscoileanna: Tá éirithe go hiontach leis na
Gaelscoileanna - tá suas le 300 bunscoil, gur Gaelscoileanna
iad, bunaithe go dtí seo. Tá tosuithe cheana ar scoileanna
lán Ghaelacha den dara leibhéal a bhunú, agus
is cinnte go mbeidh méadú ar líon na scoileanna
sin sna blianta atá ag teacht. Tá sé siúráilte
go dtiocfaid as sin méid áirithe oideachais i nGaeilge
a bheith le fáil sa triú leibhéal.
Teilifís
na Gaeilge: Tá sí ag feidhmiú go héifeachtach,
ag cothú dearcadh dearfach i leith na gaeilge i measc an
phobail.
Is
cóir a rá go dtugann Radio na Gaeltachta deis do mhuintir
na Gaeltachta machnamh a dhéanamh orthu féin, faoi
mar atá siad. Deineann Teilifís na Gaeilge an rud
ceanna. Beidh sé sin tairbheach dóibh. Ach athraíonn
an saol chomh tapaidh sin sa lá atá inniu ann, nach
féidir bheith ag súil go leathnoidh na forbairtí
seo na Gaeltachtaí, nó fiú go ndéanfaidh
siad na Gaeltachtaí láithreacha a dhaingiú.
Mar
sin má dhéantar measúnú oibiachtiúl
ar an staid náisiúnta, seo mar atá an scéal.
1.
Tá líon beag Gaeilgeoirí, atá ag dul
i laghad go tapaidh, i ngach Gaeltacht. Déarfaidh aon chuairteoir
chun na Gaeltachta leat go ndéanann na daltaí i gclóis
na scoileanna a gcuid súgartha trí mheán an
Bhéarla. Ciallaíonn sé sin gur Bearlóirí
a bheidh sa chéad ghlún eile sa Ghaeltacht - rud nár
tharla riamh roimhe seo sna scoileanna sa Ghaeltacht.
2. Tá na Gaelscoileanna ag soláthairt líon,
atá ag dul i méid, de dhaoine óga a bhfuil
Gaeilge réasúnta líofa acu.
3.
Tá cainteoirí aonair Gaeilge scapaithe ar fud na tíre,
a bhfuil grá acu don teanga, agus a labhraíonn í
chomh minic agus is féidir, d'ainneoin na ndeachrachtaí
go léir.
Tá
mar sin, trí fhoinse Gaeilgeoirí ann ach sí
an fhadhb nach bhfuil siad eagraithe, ná nach dtugtar deis
ná cabhair dóibh chun forbairt go nádúrtha
mar phobal Gaeilgóirí.
Molain
mar sin, an leigheas seo leanas mar réiteach ar an bhfadhb.
Baile
Gaelach:
Baile
Gaelach a bhunú lasmuigh den Ghaeltacht; réiteodh
sé sin na fadhbanna go léir atá luaite thuas.
Iontaobhas
a bhunú chun suas le 1,000 acra talún a cheannach
(an méid sin talún a chur le chéile thar tréimhse)
Costas - go garbh €15,000,000
Infra-Struchtúr - €45,000,000
Iomlán - €60,000,000
Feachtas
a chur chun siúl chun Gaeilgeoirí ó na trí
fhoinse atá luaite thuas a mhealladh chun teacht chun cónaithe
agus chun obair d'fháil ar an eastát fairsing sin,
a oibreófaí ar mhodh caipitlíoch.
Ní
bheadh ach dhá cáilíocht ag teastáil
ón té a chuir feadh faoi san mbaile Gaelach.
1.
Líofacht Gaeilge a bheith aige nó aici
2. Bheith sásta obair de shaghas éigin a dhéanamh
ann.
Tá
an céathrú foinse ann sna Gaeilgeoirí sin a
raibh orthu dul ar seoraíocht chun obair d'fháil le
blianta fada anuas. Níl morán dealraimh le bheith
ag iarraidh Gaeilgeoirí a dhéanamh de dhaltaí
ar fud na tíre, agus ag ligint, ag an am céanna, do
Ghaeilgeoirí líofa imirce a dhéanamh.
Caithfimid
mar sin, feachtas a chur ar siúl chun na himirceoirí
a mba mhaith leo teacht ar ais go hÉirinn a thabhairt abhaile.
Ní aon dabht ná go mba mhaith lena lán acu
é sin a dhéanamh.
Foinse
an Chiste:
Tiocfaidh
an €60 milliún sin ó chaiteachas caipitil Chiste
an Rialtais. Ní bheidh coinne le haon chaipiteal oibrithe
(costas reatha) ón Rialtas. Soláthróidh na
daoine a bheidh ag teacht ag obair san mbaile, nó/agus an
pobal sa bhaile i gcéin, an caipiteal oibre go léir.
Níl amhras ar bith ná go soláthródh
an phobal an achmhainn, agus é sin go fial, dá gcuirfí
an clár forbartha rompu sa tslí cheart, mar a bhfuilim
go pearsanta sásta a dhéanamh, agus inniúl
ar é a dhéanamh.
Ba
chóir a thuiscint - agus tá sé seo éagsúil
le gnáthmhaoiniú ó Rialtas - nach féidie
leis an rialtas an t-airgead a chailliúnt, mar dá
dteipfeadh ar an tionscnamh (rud nach féidir), is féidir
an talamh a dhíol agus an t-airgead a aisíoc.
Cad
é an toradh is dóichí a thiocfaidh as an bhforbairt
seo?
1.
Don chéad uair riamh, beidh pobal na Gaeilgeoirí bunaithe
lasmuigh den Ghaeltacht.
2.
Beidh seo ina phobal inmharthanna féinchoitheach.
3.
Den chéad uair riamh beidh deis ag Gaeilgeoirí, ó
na trí fhoinse sin a luadh níos luaithe, saol iomlán
a chaitheamh i bpobal Gaeilge.
4.
Tabharfaidh bunú pobail den saghas seo an-mhisneach do ghluaiseacht
na Gaeilge, ar gach leibhéal agus i ngach áit.
5.
Beidh smacht iomlán ar na bhforbairtí go léir
i lámha an phobail nua.
6.
Ní bheidh ar chumas daoine ón taobh amuigh iarrachtaí
an phobail a lagú mar go mbeidh lánsmacht ag an bpobal
ar a gcinniúint féin.
Impleachtaí
polaitiúla na Forbartha seo
1.
Cruthaíodh sí breis fostaíochta do líon
maith daoine.
2.
Bunóidh sí ceangal dearfach idir an Ghaeilge agus
fostaíocht
3.
Don chéad uair riamh soláthróidh sí
fócas dearfach ar mhaithe le hathbheochan na Gaeilge.
4. Beidh sí ina fóram i gcóir infheistíocht
isteach ó na deoraithe Éireannacha.
Stádas
an Mholtóra
1.
Leas-Phríomhoifeageach Talmhaíochta do Cho. Luimnigh
2.
Cáilíocht ghairmiúil; M.Agr.Sc.,
3.
Ball bunaidh de The Glen of Aherlow Pig Producers Co-Op Society
Ltd., sa bhliain 1962.
4.
Uachtarán Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge. 1968/69.
Má aontaíonn tú leis an fogra seo, an mbeifeá
sásta :
(a)
airgead a infheistiú ann
(b)
dul in cónaí ann
(c)
dul ag obair ann
Déan
teagmháil le: Séamus De hÍde M. Eol. Talmh
Gort na Manach
Baile Thiobraid Árann
Fón: 062/51262
e.mail: seamusdehide@eircom.net
|