Léacht 2003 Lectures 2003
  1. Baile Gaelach

CEARTA TEANGA & CULTÚIR SAN EORAIP NUA

Léacht a thug Dónall Ó Riagáin ag Daonscoil na Mumhan i Rinn Ó gCuanach
ar an Aoine, 22 Lúnasa 2003

Nuair a chuir Séamas de hÍde glaoch orm roinnt míonna ó shin ag iarraidh orm an léacht seo do thabhairt, ní dúirt sé liom cad a bhí i gceist aige leis an téarma, 'an Eoraip', ná níor chuireas ceist air óir d'oir sé dom bheith saor chun déileáil le tuiscintí difriúla ar an Eoraip.

Cá bhfuil an Eoraip?

Cá bhfuil an Eoraip? A leithéid de cheist amaideach, a déarfadh daoine áirithe! B'fhéidir go bhfuil sí amaideach agus b'fhéidir nach bhfuil. Dúirt an Ginearál de Gaulle uair amháin gurbh é a thuig seisean ná an chuid sin den domhan ó Sléibhte Ural go dtí na hAsóir. B'fhéidir nach raibh eolas aige ar na Blascaodaí! Táimid soiléir go maith faoi theorainn iartharach na hEorpa agus soiléir go leor faoi theorainn thuaisceartach na mór-roinne freisin. Ach féach an deisceart! Áirítear Málta mar chuid den Eoraip siúd is go bhfuil cuid den Túinéis níos faide ó thuaidh ná é agus gur teanga Sheimíteach í an Mháltais. Is dócha gurb í an stair agus creideamh Críostaí na Máltach a thugann orainn an t-oileán agus a mhuintir a áireamh mar chuid den Eoraip. Ballstát de chuid Chomhairle na hEorpa í an Rúis siúd is go bhfuil an chuid is mó den tír san Áis. Bhíos ag tabhairt léachta cúpla bliain ó shin ag comhdháil in Abakan, príomhchathair na Khakáise - poblacht de chuid Chomhnaidhm na Rúise atá suite i ndeisceart na Sibéire agus í ó thuaidh ón Mongóil. Ba thar ceann Chomhairle na hEorpa a bhíos ann agus bhí sé de mhí-stuaim agam ag pointe amháin an nath, 'sinne Eorpaigh', a úsáid. Thugas faoi deara aoibh an gháire ar aghaidheanna an lucht éisteachta. Cé a thógfadh orthu é agus mé i gceartlár na hÁise? Ach fós bhíos i mballstát de chuid Chomhairle na hEorpa, a raibh a phríomhchathair san Eoraip! Níl an saol simplí ná baol air. Is é an dála céanna é i gcás na Tuirce. Dlúthchuid den Eoraip í iarthar na tíre, mar a bhfuil ceann de chathracha móra na Críostaíochta - cathair Chonstaintín nó Istanbul mar a thugtar uirthi go coitianta inniu. Ach is cuid den Mheán-Oirthear gan aon agó an chuid eile den Tuirc. Tá tíortha eile atá níos faide soir ó dheas ná an Tuirc ina mballstáit de Chomhairle na hEorpa - an tSeoirsia, an Airméin agus Azerbaijan - agus meon Eorpach ag formhór a gcuid saoránach. Mar sin caithfear meon agus aigne an duine a thabhairt san áireamh chomh maith le cúinsí geografacha. Is cinnte gur leithne go mór í an Eoraip ná an tAontas Eorpach gona cúig bhallstát déag. Nuair a ghlacfar leis na ballstáit nua an bhliain seo chugainn ní bheidh fós ann ach 25 tír. Tá 44 ballstát ar Chomhairle na hEorpa.

Bagairt ar Bheotheangacha

Áirítear go bhfuil thart faoi 6,000 beotheanga ar domhan faoi láthair. Agus níl ach 3% díobhsan ina dteangacha Eorpacha. Deir scoláirí móra linn go bhfuil an-bhaol ann go gcaillfear formhór de theangacha an domhain le linn an chéid seo. Luaitear figiúr chomh hard le 90% de theangacha i mbaol. Fiú amháin, scoláirí 'dóchasacha', ar nós David Crystal, tá eagla orthu go gcaillfear ar a laghad leath de bheotheangacha na cruinne le linn an 21ú céad . Tá dhá thátal le baint againne, Eorpaigh, as seo - nach bhfuil ach sciar beag de theangacha an domhain againn agus toisc gur mór-roinn shaibhir sinn gur mó ná riamh an dualgas morálta atá orainn iadsan a chaomhnú ar mhaithe le cearta lucht a labhartha agus ar mhaithe le héagsúlacht agus le saibhreas teanga ár muintire a thabhairt slán.

Cearta Teanga

Ach baineann sé seo lenár ndualgas an timpeallacht chultúir agus teanga a chaomhnú. Ceist ar leith í cearta teanga agus cultúir daoine. Cuimhnímis go dtagann cearta ón nádúr nó ó Dhia. Mar shampla, tá ceart ag gach duine a theanga féin a úsáid. Ceist eile í an aithníonn an stát, ar saoránach de é, an ceart sin. Ní chruthaíonn an dlí an ceart: aithníonn sé é. Agus ní aitheantas go cur i bhfeidhm an chirt. An dea-scéal atá ann ná go bhfuil cearta teanga á n-aithint anois ag níos mó stát agus ag níos mó eagraíochtaí idirnáisiúnta ná riamh cheana. Tá sé seo le feiceáil sa dlí i dtíortha éagsúla agus go deimhin in ionstraimí idirnáisiúnta dlí.

Catagóirí Teanga

Má tá suas is anuas le 300 theanga dhúchais á labhairt san Eoraip, ní hionann cás dóibh uile. Caithfear a admháil nach bhfuil critéir chinnte ann a leagann amach cad is teanga ann agus cad is canúint ann. Beidh teangacha/canúintí ann i gcónaí a mbeidh comharthaí ceiste nó ceo ag crochadh os a gcionn. Ní miste na pobail teanga Eorpacha a roinnt i gcatagóirí áirithe:

1 Pobail a úsáideann teangacha oifigiúla an stáit ina bhfuil cónaí orthu Áirím orthu seo teangacha, ar teangacha oifigiúla iad i dtír amháin nó i dtír eile agus atá dá labhairt ag na milliúin e.g. an Fhraincis, an Iodáilis, an Spáinnis, an Phortaingéilis, an Ísiltíris agus, ar ndóigh, an Béarla. Tá cuid de na teangacha seo á labhairt go fairsing ar mhór-ranna eile e.g. an Spáinnis, an Fhraincis agus an Béarla. Thairis sin, tá teangacha oifigiúla eile nach bhfuil chomh forleathan céanna e.g. an Ghréigis, an Fhionlainnis, an tSlóivéinis agus an tSualainnis.

2 Pobail a úsáideann teangacha oifigiúla stáit atá neamhfhorleathan de réir critéir idirnáisiúnta ar bith Áirím anseo an Ghaeilge, an Lucsamburgais agus an Mháltais.

3 Pobail a bhfuil cónaí orthu i stát amháin agus a úsáideann teanga atá neamhfhorleathan taobh istigh den stát e.g. na Breatnaigh sa Ríocht aontaithe, na Briotánaigh san Fhrainc, na Friulaigh san Iodáil.

4 Pobail a bhfuil cónaí orthu i ndá stát nó níos mó agus a úsáideann teanga atá neamhfhorleathan taobh istigh den stáit uile e.g. Occitánaigh san Fhrainc, sa Spáinn agus sa Iodáil, na Sámi san Iorua, sa tSualainn, san Fhionlainn agus sa Chomhnaidhm Rúiseach.

5 Pobail a labhraíonn teanga ar teanga mionlaigh í sa stát ina bhfuil cónaí orthu ach atá ina mórtheanga i stát eile e.g., Gearmáiniseoirí sa Danmhairg agus sa Bheilg, Gréigiseoirí san Iodáil, Ungáirigh sa Rómáin.

6 Pobail a labhraíonn teangacha dúchasacha Eorpacha nach féidir a lua le haon stát ar leith Orthusan tá na teangacha Giúdacha (i.e. Giúdais agus Judeo-Spáinnis) agus teangacha na nGiofóga e.g. Rom agus Sinti.

7 Inimircigh a tháinig chun na hEorpa le céad bliain anuas agus a labhraíonn teangacha neamh-Eorpacha e.g. Arabaigh san Fhrainc, Moloccaigh san Ísiltír agus lucht labhartha Urdu sa Ríocht Aontaithe.

Teangacha na nInimirceach

Chun críche na cainte seo, ní phléifidh mé leis an gcatagóir dheiridh seo toisc na difríochtaí atá idir cás na ndaoine seo agus cás na bpobal teanga eile. Ní hionann cearta teanga duine ina thír dhúchais agus a chearta teanga i dtír eile. Dá dtéinn chun cónaí san India nó sa Nigéir, ní bheinn ag súil go gcuirfeadh rialtais na dtíortha sin Gaelscolaíocht ar fáil do mo pháistí, rud a mbeinn ag súil leis abhus in Éirinn. Ach tá cearta teanga áirithe ann i gcónaí - ceart an duine chun a theanga a úsáid ina shaol príobháideach nó clainne agus chun an teanga a mhúineadh dá pháistí. Thairis sin, ní cóir duine a chúiseamh nó a chur ar triail trí mheán teanga nach dtuigeann sé . Má tá grúpa mór inimirceach ina gcónaí gar dá chéile bheadh cás maith acu a éileamh go múinfí a dteanga dhúchais dá bpáistí sna scoileanna. Ní miste a rá go gceiltear cearta teanga ar inimircigh go minic. Má tá oibrithe uainn inár dtíortha ó mhór-ranna eile, cuimhnímis go ngabhann oibleagáidí leis an gcuireadh isteach a thugaimid dóibh.

Éagsúlacht Teanga mar Fheiniméan Eorpach

Tá rud amháin glan-soiléir. Tá éagsúlacht teanga mar ghnáth-fheiniméan san Eoraip. Má fhágaimid i leataobh micristáit, dála Andorra gus Liechtenstein is í an Íoslainn an t-aon stát san Eoraip nach bhfuil pobal éigin ann a labhraíonn teanga Eorpach éigin seachas mórtheanga an stáit. Tá ocht mionlach teanga san Fhrainc, cúig cinn araon sa Ghearmáin agus sa Ríocht Aontaithe, trí cinn déag san Iodáil agus suas le 170 sa Chomhnaidhm Rúiseach. Mar sin is léir go bhfuil aontacht na h Eorpa agus buanú na síochána is an deáchaidrimh idir náisiúin éagsúla ag brath cuid mhór ar ár gcumas mar Eorpaigh chun freastal ar an éagsúlacht iontach teanga agus cultúir atá againn.

Tá rún agam féachaint ar conas tá cearta seo dá n-aithint agus dá gcur i bhfeidhm i dtíortha éagsúla agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Cearta Teanga sna Stáit agus sna Réigiúin

Féachaimis ar na stáit i dtús báire agus ar na réigiúin taobh laistigh de na stáit. Ní miste a thabhairt chun cuimhne go bhfuil córas rialtais feidearálach nó réigiúnach in a lán stát agus gur ag leibhéal réigiúnach seachas ag leibhéal lárnach a shocraítear ceisteanna mar mhúineadh teangacha agus úsáid teangacha san earnáil phoiblí.

Is dócha gurb iad an Spáinn, an Fhionlainn agus an Eilvéis na tíortha is fearr chun freastal ar chearta teanga. Tá riar maith féinrialtais ag na Catalónaigh, ag na Gailísigh agus ag na Bascaigh agus tá na teangacha dúchasacha seo ar chomhchéim oifigiúlachta leis an Spáinnis. Tá polasaithe láidre 'normálaithe' teanga á gcur i bhfeidhm agus a rian le feiceáil. Siúd is nach bhfuil ach 6% den daonra ina Sualainniseoirí san Fhionlainn, aithnítear an tSualainnis mar theanga náisiúnta le hais na Fionlainnise féin. Tá formhór na Sualainniseoirí ina gcónaí i ndá cheantar ar an gcósta thiar theas agus tá na ceantair seo dátheangach. Tá ceithre theanga náisiúnta agus oifigiúil ag an Eilvéis agus gach ceann acu oifigiúil sa réigiún ina labhraítear í. Is ceadmhach aon cheann acu a úsáid sa Pharlaimint Chomhfheidearálach.

Tá stáit eile ann atá sách maith freisin. Áirím orthusan an Ríocht Aontaithe, an Ísiltír, an Iodáil agus an Ungáir. Tá socrú an-sibhialta ag an nGearmáin agus ag an Danmhairg. Cosnaíonn an Ghearmáin cearta teanga na nDanmhairgiseoirí i Schleswig Theas agus cosnaíonn an Danmhairg cearta na nGearmáiniseoirí i Schleswig Thuaidh.

Ar ndóigh, caitear níos fearr le pobail teanga áirithe ná le cinn eile, fiú amháin taobh istigh den stát céanna. Is cinte gur fearr as atá na Breatnaigh ná mar atá Gaeil na hAlban nó Gaeilgeoirí Thuaisceart Éireann. I gcás na hIodáile tá socruithe an-chothrom i bhfeidhm sa Südtirol agus i nGleann Aosta ach is suarach le rá a bhfuil ar bun ag Rialtas na hIodáile chun tacú le Sardo ná le Fürlan.

Is minic comhaitheantas ag dhá theanga nó níos mó. Tá aitheantas oifigiúil ag an Ísiltíris, an Fhraincis agus an Ghearmáinis sa Bheilg ach is ar bhonn réigiúnach atá an t-aitheantas tugtha. Is í an Lucsamburgais teanga náisiúnta Ard-Diúcacht Lucsamburg ach aithnítear freisin an Fhraincis agus an Ghearmáinis. Tá an Mháltais agus an Béarla ar chomhchéim i Málta. Is é an Béarla is mó a úsáidtear i gcáipéisí dlíthiúla agus ar fhógraí poiblí ach is í an Mháltais is mó a chloistear ar na sráideanna.

Tá polasaithe láidre athbheochana á gcur i bhfeidhm sna trí phoblacht Bhailteach - an Eastóin, an Laitvia and an Liotuáin. Go deimhin, bhí imní ar dhaoine san iarthar faoin easpa aitheantais a bhí tugtha don Rúisis agus do lucht a labhartha sna tíortha seo go dtí le déanaí. Brú faoi theacht isteach san Aontas Eorpach a thug ar rialtais na dtíortha seo a seasamh a mhaolú méid áirithe.

Tá tíortha ann ina bhfuil an teoiric a ghabhann le cearta teanga go maith ach ina bhfuil bearna ollmhór idir an teoiric agus an fhíor-staid. An Chomhnaidhm Rúiseach an sampla is mó de seo. Tá an dlí sásúil go maith sa Rúis ach de dheasca easpa tola nó easpa acmhainní, ní chaitear go maith in aon chor le pobail theanga áirithe. Cé a shéanfadh nach dtiteann ár dtír féin isteach sa chatagóir seo sách minic?

Ní gnó dom anseo Acht na dTeangacha Oifigiúla 2002 a phlé. Ní déarfad ach an méid seo. Ní dhearbhaíonn an tAcht cearta teanga an tsaoránaigh. Ábhar díomá mór domsa é seo. Is Acht é atá dírithe ar úsáid na dteangacha oifigiúla a riaradh. Má chuirtear i bhfeidhm é go críochnúil agus le díograis, ba chóir go ndéanfadh sé mórán maitheasa chun cearta teanga a chinntiú. Ach an gcuirfear?

Ar na tíortha is measa ó thaobh cearta teanga de tá an Ghréig agus an Tuirc, dhá thír a shéanann nach mór ar fad teangacha eile, seachas mórtheanga an stáit, a bheith dá labhairt taobh istigh dá theorainneacha. Níl an Fhrainc mórán níos fearr. Cibé aitheantas atá ag teangacha réigiúnacha na Fraince, is ar leibhéal réigiúnach amháin atá sé (e.g. san Alsáis, i Languedoc-Roussillon nó sa Bhriotáin) agus cuireann an lár-rialtas bac leanúnach ar aon chéim chun tosaigh chun tacú go praiticiúil leis na teangacha. Tá cúrsaí sa Pholainn i bhfad ó bheith sásúil agus go dtí le déanaí, ní raibh an tSlóvaic ná an Phoblacht Seiceach mórán níos fearr.

Cearta Teanga ar Leibhéal Idirnáisiúnta

Féachaimis anois ar na teangacha i gcomhthéacs na móreagraíochtaí Eorpacha. Chun críche na cainte seo, díreoidh mé ar cheithre mhóreagraíocht Eorpach - Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Shlándáil is Chomhoibriú san Eoraip (nó an OSCE, mar is fearr aithne uirthi), Tionól na Réigiún Eorpacha agus an Comhphobal Eorpach, nó an tAontas Eorpach mar a thugtar air faoin a chló polaitiúil.

Tá pointe tábhachtach eile ann nach miste a thabhairt chun cruinnis ag an bpointe seo - an difríocht idir an dlí crua agus an dlí bog. Tagann dlí crua i gceist nuair is féidir leis na húdaráis duine a chúiseamh i ngeall ar an dlí do bhriseadh nó nuair is féidir le duine amháin duine eile nó na húdaráis stáit a thabhairt chun cúirte agus faoiseamh nó sásamh a éileamh i ngeall ar éagóir a rinneadh. Sa dlí bog, áfach, leagtar amach cearta nó prionsabail agus glacann rialtas tíre leo go foirmeálta. Ní féidir, áfach, mórán a dhéanamh chun sásamh a fháil má dhéanann rialtas neamart sna dualgais ar ghlac sé leo. Is minic a bhíonn dlí bog in ionstraimí dlí idirnáisiúnta. Ná ceaptar, áfach, go bhfuil an dlí bog gan éifeacht. Is le dlí bog a leagtar síos go minic caighdeáin iompair nó lena ndéantar cearta daonna, cearta teanga ina measc, a ríomhadh. Ón dara cogadh domhanda i leith tá cearta an duine, á leagan amach ag Eagraíocht na Náisiún Aontaithe agus ag eagraíochtaí eile agus tá forbairt is soiléiriú á ndéanamh orthu i gcónaí. Ní maith le rialtas tíre ar bith go gcuirfí ina leith go raibh cearta, a raibh glactha go hidirnáisiúnta leo, á séanadh acu.

Comhairle na hEorpa

Bunaíodh Comhairle na hEorpa i 1949 mar uirlis chun Eoraip de chineál úr a mhúnlú i ndiaidh an dara chogadh domhanda. Tá mar phríomhaidhm ag an gComhairle aontacht níos dlúithe a bhaint amach i measc a 44 ballstát chun saoirse an duine aonair, saoirse pholaitiúil agus riail an dlí a chinntiú. Ni mór cuimhneamh ar Chomhairle na hEorpa mar eagraíocht idir-rialtasach seachas mar aontas polaitiúil ann féin. D'ullmhaigh an Chomhairle thart faoi 200 coinbhinsiún agus doiciméad dlíthiúla idirnáisiúnta eile thar na blianta agus tugtar cuireadh do na ballstáit iadsan a shíniú is a dhearbhú. Ar an gceann is cáiliúla díobhsan tá an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

I 1992, ghlac an Chomhairle leis an gCairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Caithfidh aon stát a shíníonn an Chairt agus a dhéanann í a dhaingniú glacadh le prionsabail áirithe agus céimeanna ceapáirithe a fheidhmiú chun tacú leis na teangacha atá i gceist. Faoi mar is léir ó theideal na Cairte, baineann sí le teangacha dúchasacha atá in úsáid ar leibhéal réigiúnach amháin nó ag mionlach taobh istigh den stát. Baineann sí chomh maith le 'teanga oifigiúil nach n-úsáidtear chomh forleathan ar a chríoch ar fad nó ar chuid dá chríoch'. Cuireadh an abairtín sin isteach chun freastal ar chás na Gaeilge. Obair in aisce a bhí ann a bhí ann dúinne a d'éiligh go gcuirfí isteach í! Tá an Chairt sínithe anois ag 30 ballstát de chuid na Comhairle agus í daingnithe cheana féin ag 17 díobh ach níl Éire ina measc. Íorónta go leor tá an Ríocht Aontaithe tar éis an Chairt a shíniú is a dhaingniú agus tá forálacha áirithe á gcur i bhfeidhm i gcás na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhí sé de phribhléid agam bheith i láthair i mBéal Feirste ag tús na bliana seo nuair a chas na húdaráis Bhriotanacha ar thoscaireacht ó COMEX, coiste saineolaithe Chomhairle na hEorpa don Chairt, agus nuair a chaith siad mínithe a thabhairt faoin dóigh ina raibh na forálacha á bhfeidhmiú acu. B'in an chéad uair ó Phlandáil Uladh i leith gur chaith na húdaráis Bhriotanacha cuntas a thabhairt ar a bpolasaí i leith na Gaeilge do fhoras idirnáisiúnta neamhspleách. Dála an scéil, tá leagan breá Gaeilge den Chairt curtha fáil ag Comhairle na hEorpa.

Tá ionstraim eile ag Comhairle na hEorpa nach miste tagairt a dhéanamh di - an Deilbh-Choinbhinsiún um Chosaint Cearta na Mionlach Náisiúnta. Pléann an Deilbh-Choinbhinsiún le raon leathan cearta, cearta teanga ina measc. Tá sé sínithe ag 35 ballstát de chuid na Comhairle agus tá sé daingnithe ag 28 díobh, Éire ina measc. Níl an Deilbh-Choinbhinsiún gan a laigí. Ní thugtar aon sainmhíniú ann ar cad is 'mionlach náisiúnta' ann. Agus níl meicníocht fheidhmithe an Deilbh-Choinbhinsiúin chomh láidir le ceann na Cairte Eorpaí. Ach in ainneoin sin, is maith ann é.

Thairis sin ar fad, bíonn Comhairle na hEorpa ag plé le raon ábhar ina measc polasaí teanga agus múineadh teanga. Murab ionann is an Comhphobal Eorpach, ní dhéanann an Chomhairle aon idirdhealú idir theangacha oifigiúla agus teangacha neamhoifigiúla nó neamhfhorleathana. Tá sárobair maidir le forbairt polasaí agus modhanna múinte ar bun ag Rannóg Pholasaí Teanga na Comhairle agus torthaí na hoibre ar fáil do chách. Dála an scéil, is Éireannach agus duine le Gaeilge, Joe Sheils, atá mar Cheann Rannóige.

OSCE

Bunaíodh an Chomhdháil Um Shlándáil is Chomhoibriú san Eoraip sna luath-seachtóidí agus cuireadh an focal 'Eagraíocht' sa teideal in ionad 'Comhdháil' i 1994. Tá 55 ballstát san OSCE, ina measc Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus iar-phoblachtaí an Aontais Shóibhéidigh dála an Úisbéiceastáin agus an Tuircméanastáin, le hais na dtíortha atá ar Chomhairle na hEorpa. Bunaíodh an eagraíocht chun na mórathruithe i lár agus in oirthear na hEorpa a éascú agus go háirithe chun coimhlintí a sheachaint. Eagraíocht ilinstitiúideach agus scaipthe í an OSCE. Tá an ard-rúnaíocht i Vín na hOstaire, an OIDHR [Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus Cearta Daonna] i Vársá agus an HCNM [Ard-Choimisinéir um Mhionlaigh Náisiúnta] sa Háig. Ní hiad cearta teanga an chloch is mó ar phaidrín an OSCE ach mar sin féin, d'aithin an eagraíocht ar roinnt ócáidí gur dlúthchuid de chearta daonna iad cearta teanga. Tá sé seo le sonrú go soiléir sa doiciméad a d'eascair as cruinniú mullaigh an OSCE i gCóbanhávan i 1990. Aithnítear sa doiciméad seo ceart na mionlach náisiúnta chun a dteangacha dúchais a úsáid sa saol poiblí agus sa saol príobháideach, eolas a fháil is a leathadh sna teangacha sin agus a scoileanna is a n-institiúidí cultúrtha féin a bhunú.

Is ó oifig an Ard-Choimisinéara um Mhionlaigh Náisiúnta a tháinig na doiciméid ba thábhachtaí agus ba spéisiúla chugainn. Thóg an tArd-Choimisinéir grúpa saineolaithe le chéile sna luath-nóchaidí chun moltaí a chur le chéile faoi chearta na mionlach náisiúnta i réimse an oideachais. Ní cúram cumadóireachta a leagadh ar an ngrúpa seo ach iarradh orthu gach ionstraim idirnáisiúnta dlí cuí a scrúdú agus na cearta a bhí ríomhtha iontu a chur le chéile. Mar thoradh air seo, foilsíodh i 1996 Moltaí na Háige faoi Chearta Oideachais na Mionlach Náisúnta. Dhírigh an tArd-Choimisinéir a aird ar chearta teanga i gcoitinne ansin agus cuireadh le chéile grúpa saineolaithe eile chun scaoileadh faoin obair seo, mise ina measc. Moltaí Osló faoi Chearta Teanga na Mionlach Náisiúnta an toradh a bhí air seo, doiciméad a foilsíodh i 1998. Tá na cáipéisí seo spéisiúil sa mhéid go dtugann siad osamharc dúinn ar na cearta a bhfuil glactha anois leo sa dlí idirnáisiúnta.

Tionól na Réigiún Eorpach

Bunaíodh Tionól na Réigiún Eorpach i 1985 agus í mar aidhm aige guth láidir a thabhairt do na réigiúin i múnlú na hEorpa agus comhoibriú éifeachtach a éascú eatarthu. Tá 250 réigiún ó 25 tír páirteach sa Tionól agus tá ceanncheathrú na heagraíochta i Strasbourg. Toisc go mbaineann cuid nach beag de na teangacha neamhfhorleathana le réigiúin áirithe bhí an Tionól riamh dearfach agus cuiditheach ó thaobh cearta teanga de. Ghlac an Tionól le roinnt doiciméad polasaí tábhachtacha. Ina measc tá Treoirlínte Polasaí ar Theangacha Réigiúnacha is Mionlaigh, ar glacadh leo ag Basel i 1996 agus an Rún ar Theangacha Réigiúnacha is Mionlaigh ar glacadh leis ag comhdháil d'airí cultúir na réigiún Eorpach i Nyon na hEilvéise i 2000. Rún sách cuimsitheach an rún áirithe seo a phléann le húsáid na dteangacha réigiúnacha is mionlaigh san oideachas, sna tionóil réigiúnacha, sa riarachán poiblí, i gcomharthaíocht phoiblí agus i soláthar seirbhísí sláinte is leasa shóisialaigh.

An Comhphobal Eorpach

Féachaimis anois ar an bhforas Eorpach is tábhachtaí ar fad - an Comhphobal Eorpach. Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach i 1951. Sé bliana ina dhiaidh sin, i 1957, bunaíodh an Comhphobal Eacnamaíochta Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. I 1992 ag Maastrict na hÍsiltíre, fáisceadh na trí comhphobal le chéile agus rinneadh díobh An Comhphobal Eorpach. I 1997 ag Amstardam, bunaíodh an tAontas Eorpach chun aontacht na hEorpa a thabhairt céim mhór eile chun tosaigh. Leanadh den phróiseas ag Nice agus is dócha go dtabharfar céim eile ar bhóthar na haontachta má éiríonn leis an gcomhdháil idir-rialtasach a bheidh ag tosú go luath. Cá bhfios dúinn nach Conradh Bhaile Átha Cliath a thabharfar ar an gcéad chonradh eile óir beidh uachtaránacht an Chomhphobail ag Éirinn sa chéad leath den bhliain seo chugainn! Gual, cruach, eacnamaíocht agus fuinneamh adamhach a bhí in intinn lucht bunaithe na gcomhphobal. Ní ag smaoineamh ar theangacha ná ar chultúr a bhíodar. Bhí rún ag Schumann agus Monnet siar i 1951 go mbeadh aon teanga oibre amháin ag an gComhphobal do Ghual agus Cruach - an Fhraincis. De réir an bhéaloidis, b'iad na Pléimeannaigh a thóg raic faoi seo. Tír dhátheangach a bhí sa Bheilg agus ní raibh aon tslí ann in a dtabharfaí céim suas do theanga amháin agus neamart a dhéanamh ar an teanga eile. Mar sin, socraíodh ar cheithre theanga oifigiúil is oibre - an Fhraincis, an Ísiltíris, an Ghearmáinis agus an Iodáilis.

Teangacha sna Conarthaí agus Teangacha Oifigiúla is Oibre

Ní mór atá sna conarthaí faoi chúrsaí teanga. Ríomhtar in Airteagal 314 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh na teangacha ina bhfuil leaganacha údarásacha den Chonradh. Tá dhá theanga déag luaite - an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Ollainnis (nó an Ísiltíris, más fearr leat an t-ainm a thugann lucht labhartha na teanga uirthi), an Béarla, an Danmhairgis, an Fhionlainnis, an Ghréigis, an Phortaingéilis , An Spáinnis, an tSualainnis agus an Ghaeilge. Deir Airteagal 21 den Chonradh céanna gur féidir le saoránach den Aontas scríobh chuig aon cheann de institiúidí an Aontais i gceann de na teangacha atá luaite in Airteagal 314 agus freagra a fháil sa teanga chéanna.

Níl na teangacha oifigiúla ná oibre luaite sna conarthaí. Is i Rialachán de chuid Chomhairle na nAirí atá siadsan liostáilte - Rialachán 1/58 agus é leasaithe thar na blianta. Tá aon cheann déag luaite anseo - an dá cheann déag ina bhfuil leaganacha údarásacha de na conarthaí, lúide an Ghaeilge. Cad a bhain don Ghaeilge? Chun freagra a fháil air sin, níor dul siar go dtí 23 Iúil 1971, nuair a scríobh an Dr. Pádraig Ó hIrghile TD, a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha ag an am, chuig an Coimisiún. Stádas na Gaeilge sa Chomhphobal a b'ábhar don litir. Leag an tAire amach seasamh an Rialtais:

"…… My Government considesr it to be a matter of the greatest importance that the primary position accorded in our Constitution to the Irish language should be reflected in a suitable and specific recognition to be incorporated in the agreed provisions for the languages of the enlarged Communities. Indeed ,I can say that, having regard to the unique position of the Irish language in our national culture, both our Parliament and people would expect that such recognition be given.

The Government consider that this could most suitably be done by having Irish designated as an official language of the enlarged Communities. We fully realise that the official translation into Irish of all Community acts could give rise to serious problems of a practical nature. We would, therefore, propose that, while provision would be made for Irish as an official language, there should also be provision to limit the extent to which Irish translations of Community texts would have to be prepared.

What we have in mind here is that there should be an authentic text of the accession treaty in Irish and that official texts in Irish of the existing Treaties should also be prepared. …."

'This astonishing proposing', a thug oifigeach de chuid an Choimisiúin air seo i meamram inmheánach. Ar ndóigh, bhí dul amú bunúsach ar an Rialtas sa mhéid nach n-aithníonn an Comhphobal ach teangacha oifigiúla arb ionann iad agus teangacha oibre. Fágann sé seo nach teanga oifigiúil ná teanga oibre í an Ghaeilge. Cad chuige seasamh seo an Rialtais? Tá teoiricí éagsúla ann. An t-aon ní a bhfuiltear aontaithe faoi ná nach bhfuil aon bhailíocht ag an míniú a tugadh - 'serious difficulties of a practical nature' le haistriúcháin. Bhí sé ar na bacáin go raibh deireadh le cur leis an nGaeilge mar cháilíocht riachtanach iontrála sa státseirbhís - rud a tharla trí bliana ina dhiaidh sin - agus bheadh sé geall a bheith dodhéanta é sin a dhéanamh dá mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil, oibre de chuid an CE. Measann daoine eile nár theastaigh ó na húdaráis gur daoine le Gaeilge amháin a bheadh á earcú do na poist nua in institiúidí an CE, rud a tharlódh mar bheadh daoine le Gaeilge mhaith de dhíth sa Bhruiséil. Deir daoine eile fós go raibh eagla ar an Rialtas gur suarach an méid Gaeilge a d'úsáidfeadh polaiteoirí Éireannacha sa Pharlaimint Eorpach nó státseirbhísigh Éireannacha eatarthu féin agus go mbeadh an tír seo ina cheap magaidh. Bíodh a rogha míniú ag gach duine! Tá rud amháin cinnte - cailleadh deis stairiúil. Mar a dúirt an file, Diarmaid Mac Muirí, fadó:

Ní hí an Ghaeilge a chuaigh ó chion,
Ach an dream dar dual di dídean.

Íorónta go leor, tá an deis chéanna chugainn arís. Tá sé ionann is a bheith cinnte go mbeidh deich mballstát nua ag an gComhphobal an bhliain seo chugainn agus naoi dteanga á gcur le liosta na dteangacha oifigiúla, oibre - an Pholainnis, an tSeicis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Ungáiris, an Eastóinis, an Liotuáinis, an Laitvis agus an Mháltais. Go deimhin, tá siad le feiceáil cheana féin ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte Eorpaí. I gcás ceithre cinn de na teangacha seo, is lú líon na ndaoine a bhfuil siad ar eolas acu ná an Ghaeilge - an Eastóinis, an Liotuáinis, an Laitvis agus an Mháltais. Go deimhin, níl an Mháltais ar eolas ach ag thart faoi 300, 000 duine. Bheadh sé éasca ag Rialtas na hÉireann a iarraidh go gcuirfí an Ghaeilge leis an liosta. An bhfuil níos mó féin-mhuiníne nó misnigh againn anois ná mar a bhí tríocha éigin bliain ó shin? Feicfear!

An Comhphobal Eorpach agus Cúrsaí Oideachais agus Cultúir

Ní raibh aon tagairt do chúrsaí oideachais ná don chultúr go dtí aimsir Chonradh Maastrict i 1992. Glacadh ansin le hairteagail ar an oideachas, ar ghairmoiliúint agus ar an gcultúr. Bhí frásaí le feiceáil ansin don chéad uair mar 'an Comhphobal … éagsúlacht chultúrtha agus teanga [na mballstát] á hurramú aige ' agus an Comhphobal '…ag urramú a n-éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach … '. I bhfocail shimplí, bhí bonn anois sna conarthaí chun tacú le cearta teanga agus cultúir.

Ach i bhfad roimhe sin, bhí na céimeanna tosaigh glactha. Chomh fada siar le 1979, an bhliain tosaigh inar thogh gnáthshaoránaigh na hEorpa a bParlaimint fhéin trí vóta dhíreach, leagadh rún faoi bhráid na Parlaiminte Eorpaí ag iarraidh go réiteofaí tuarascáil ar theangacha réigiúnacha an Chomhphobail. Bíodh sé mar ábhar bróid againn gur teachta Éireannach a mhol an rún - John Hume.

[Bhí John Hume molta dá mbeinn i mo thost i ngeall ar an méid a rinne sé do chearta an duine agus don tsíocháin sa Tuaisceart ach féadaim a rá nach raibh aon teachta is mó a d'oibrigh go dícheallach, dílis do chearta teanga sa Pharlaimint Eorpach ná John Hume. Gné dá shaothar é seo nár tógadh mórán ceann de go dtí seo].

Glacadh le rún John Hume agus ceapadh teachta Iodálach, Gaetano Arfé, leis an tuarascáil a réiteach. Glacadh le Rún Arfé le móramh compordach - 80 i bhfabhar, 18 ina choinne agus ochtar ag staonadh. Ní raibh, agus níl fós, cead ag an bParlaimint orduithe a thabhairt do rialtais na mballstát faoi ábhar nach raibh sna conarthaí ach bhí cead aici moltaí a dhéanamh. Mhol Rún Arfé go dtacódh rialtais na mballstát leis na teangacha neamhfhorleathana, go háirithe i réimsí tábhachtacha mar oideachas, na mórmheáin chumarsáide agus an riarachán poiblí. Thairis sin, d'iarr an rún ar an gCoimisiún gníomhú chun triailscéimeanna tacaíochta a sheoladh. Osclaíodh líne i mbuiséad an Chomhphobail an bhliain dár gcionn. Ní raibh ach €100,000 sa líne ( ECU mar a thugtaí ar an aonad airgid an tráth úd) ach faoi 1998 bhí €4 m. sa líne. Bhunaigh an Pharlaimint Coiste Idirghrúpa (i.e. coiste atá comhdhéanta d'ionadaithe ó ghrúpaí éagsúla polaitiúla) chun tacú go leanúnach leis na teangacha neamhfhorleathana agus tá an coiste seo ag obair leis i gcónaí. Thar na blianta, maoiníodh na mílte tionscadal do phobail bheaga teanga ar fud na hEorpa -acraí teagaisc, leabhair do pháistí, léirithe amharclanaíochta, cláir ríomhaireachta, seimineáir agus comhdhálacha gan ach cuid acu a lua. Ghlac an Pharlaimint Eorpach le rúin eile i dtaobh na dteangacha neamhfhorleathana - ceann eile ó Arfé i 1983 , ceann ó theachta Pléimeannach, Willy Kuijpers, i 1987 agus an ceann ba uaillmhianaí ar fad ó theachta Éireannach, Mark Killilea, i 1994 . Nuair a deirim libh gur caitheadh 321 vóta i bhfabhar Rún Killilea, vóta amháin ina choinne agus seisear ag staonadh, feicfidh sibh leibhéal na tacaíochta dár dteangacha a d'fhás thar na blianta.

An Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana

I 1982, ghairm an Grúpa Sóisialach, an grúpa polaitiúil lenar bhain Hume agus Arfé, cruinniú sa Bhruiséil féachaint conas ab fhearr a fhéadfaí tacú le hoidhreacht teanga na hEorpa agus le cearta lucht a labhartha. Le hais na bpolaiteoirí bhí ionadaithe ó ghluaiseachtaí teanga i láthair ó cheithre airde na hEorpa. B'iad na hionadaithe sin a shocraigh go raibh gá le heagraíocht a fhéadfadh labhairt agus gníomhú thar ceann na bpobal beaga teanga ar leibhéal Eorpach. Bunaíodh a leithéid agus baisteadh an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana air . Toghadh mé mar chéad Uachtarán na heagraíochta nua agus chaitheas dhá bhliain in oifig. Ansin d'iarr Comhairle an Bhiúró orm dul ag obair leis an eagraíocht mar Rúnaí Ginearálta. Thugas breis is ceithre bhliain déag i mbun an chúraim seo agus ní mór dom a rá gur bhaineas an-sásamh go deo as na blianta céanna. Fuaireas an-chuid tacaíochta ó dhaoine ar fud na hEorpa. Ar na hÉireannaigh a d'fhág faoina gcomaoin mé bhí Helen Ó Murchú agus an Col. Eoghan Ó Néill, a ghlac páirt mhór i mbunú na heagraíochta, Leachlainn Ó Catháin, a dhréachtaigh an Meabhrán agus na hAirteagail Chomhlachais agus a chláraigh iad i nGaeilge, agus Dáithí Ó Maolchoille, a bhí mar iniúchóir againn thar na blianta agus a lóisteáil na cuntais iniúchta dúinn in Oifig na gCuideachtaí. Bhí an Biúró ar an gcéad cuideachta in Éirinn a lóisteáil a cuid cuntas i euro, agus gan dabht ba i nGaeilge a bhíodar.

Thosaigh rudaí ag dul contráilte i dtreo dheireadh na nóchaidí. Sheol an Coimisiún scéim i 1996 chun cur i gcoinne imeallú sóisialta dhaoine bochta. Rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe, agus John Major mar Phríomh-Aire, gearán agus dúirt nach raibh cead ag an gCoimisiún bheith ag caitheamh airgid ar scéimeanna mura mbeidís mar chuid dhílis de chlár ilbhliantúil a mbeadh bonn ceart dlíthiúil faoi i.e. clár a mbeadh an Coimisiún, an Pharlaimint agus Comhairle na nAirí tar éis glacadh leis go foirmeálta. Thóg an Bhreatain cás go dtí an Chúirt Bhreithiúnais agus thug an Chúirt breith i bhfabhar na Breataine i 1998 . Siúd is nach raibh aon bhaint ag an scéim ba chionsiocair leis an aighneas le cúrsaí teanga, bhí impleachtaí móra ag breith na Cúirte. Cuireadh faoi chois láithreach os cionn 50 líne buiséad nach raibh bonn ceart dlíthiúil fúthu - ina measc an ceann dár dteangacha. Is mar sin, a bheag nó a mhór atá an scéal ó shin. Rinne an Pharlaimint iarrachtaí ar an bhfadhb a réiteach ach bhí an chonstaic dlí sa tslí i gcónaí . Ar ndóigh, tá constaic pholaitiúil ann ar measa fós é. Faoi réir an Chonartha, mar atá sé anois, caithfear aon chinneadh a bhaineann le cúrsaí cultúir a ghlacadh d'aon ghuth. Dá ndéanfaí iarracht ar chlár ilbhliantúil dár dteangacha a sheoladh, tá sé ionann is a bheith cinnte go gcuirfeadh an Ghréig, nó b'fhéidir ballstát éigin eile, ina choinne. Bogadh rúnaireacht an Bhiúró ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Bhruiséil i 1998 agus dúnadh an oifig in Éirinn i 2001. Mórbhotún ar an-chuid slite a bhí ansin, dar liom, ach sin scéal eile.

Céimeanna Nua - Deiseanna Nua

Tá solas le feiceáil ar imeall na spéire, áfach. Tá, in Airteagal 3 den Dréachtbhunreacht nua don Aontas Eorpach, tagairt do éagsúlacht teanga agus chultúrtha:

Urramaíonn an tAontas a éagsúlacht shaibhir teanga is chultúrtha agus déanfaidh sé gach dícheall oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú is a fhorbairt.
[Leis an údar an t-aistriúchán].

Is cosúil é seo le hAirteagal 22 den Dréachtchairt um Chearta Bunúsacha den Aontas Eorpach, ar glacadh léi aimsir Chonradh Nice i 2000.

Thairis sin, tá geallúint tugtha ag an gCoimisinéir atá freagrach as Oideachas agus Cultúr, Mme. Viviane Reding, go seolfaidh sí gníomhphlean faoi Fhoghlaim Theangacha agus faoi Éagsúlacht Teanga. Go deimhin, in Iris Oifigiúil an AE, dár dáta 31 Iúil 2003, fógraíodh go bhfuiltear ag lorg tograí chun an bealach a réiteach don ghníomhphlean an Choimisinéara. Lucsamburgach í Mme. Reding agus mar dhuine a bhfuil mar mháthair-theanga aici teanga nach bhfuil á labhairt ag mórán thar 300,000 duine, tuigeann sí a thábhachtaí is atá cearta teanga agus céimeanna cuí chun iad a chosaint. Cur chuige glic é foghlaim theangacha a nascadh le héagsúlacht teanga. Tá gach duine i bhfabhar teangacha breise a fhoghlaim agus, dá réir, tá seans an-mhaith ann go nglacfar le moltaí an Choimisinéara. Ceaptar go bhfógrófar an gníomhphleansara fada. De bhreis air sin, tá rún molta sa Pharlaimint Eorpach ag teachta parlaiminte ón Südtirol, Michl Ebner , ag tacú le moltaí an Choimisinéara agus moladh aige freisin go mbunófaí Áisíneacht Eorpach um Éagsúlacht Teanga agus um Fhoghlaim Teangacha Ghlac Coiste Cultúir na Parlaiminte leis an rún ar 7 Iúil. Níl glactha go fóill leis ag mórsheisiún agus, má ghlactar leis, tógfaidh sé bliain nó breis an gníomhphlean a chur sa tsiúl. Mar sin féin, is léir go bhfuil tacaíocht láidir i gcónaí do chearta teanga agus do éagsúlacht teanga san Aontas Eorpach.

Tá dhá choincheap mar dhlúthchuid de chóras dlí an Aontais Eorpaigh - cearta an tsaoránaigh Eorpaigh agus prionsabal na coimhdeachta. Is ionann prionsabal na coimhdeachta agus an chumhacht chun cinntí a dhéanamh a thiomnú go dtí an leibhéal is ísle riaracháin inar féidir an chumhacht sin a úsáid le héifeacht. Mar sin, is dócha gur ag leibhéal náisiúnta nó réigiúnach a fhanfaidh an phríomhchumhacht agus an fhreagracht maidir le polasaí teanga agus cultúir. Is amhlaidh a bheidh an scéal faoi chúrsaí oideachais. Ról tacaíochta is mó a bheidh ag an Aontas Eorpach - ach ról a fheadfadh a bheith criticiúíl mar sin féin.

An Mórphictiúr

Ag seasamh siar dom agus mé ag féachaint ar an mórphictiúr ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach, cad í mo bhreith nó cad í mo bharúil? Pictiúr geal, dóchasach a fheicim sa chuid is mó. Feicim paistí dubha ar an gcanbhás, feicim fadhbanna le sárú agus easpa acmhainní nó tuisceana in áiteanna. Ach feicim chomh maith dul chun cinn, fás na caoinfhulaingthe agus tacaíocht do chearta teanga, go háirithe sa dlí idirnáisiúnta. Aithním chomh maith gur tharla cuid nach beag den dul chun cinn seo le fiche bliain anuas. Ní tráth clamhsáin nó caointe ach tráth diongbháilteachta agus dul chun cinn atá anois againn.

Eorpaigh sinn uile. Cloistear ár nguth! Dúirt mé rudaí géara faoin rialtas a bhí againn tríocha éigin bliain ó shin agus ní ghabhaim leithscéal faoi sin. Ach caithfidh mé a rá freisin go bhfuair an Biúró Eorpach agus mise go pearsanta an-tacaíocht ó rialtais Éireannacha eile agus ó theachtaí Éireannacha sa Pharlaimint Eorpach, ba chuma cén páirtí polaitiúil lenar bhain siad. Beidh comhdháil idir-rialtasach ag tosú gan mhoill - comhdháil ag a socrófar leagan amach an Aontais Eorpaigh go ceann i bhfad. Má theastaíonn uainn go mbeadh rud le rá againne, Éireannaigh, faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach nó faoi chearta teanga i gcoitinne, anois an t-am lenár gcuid tuairimí , lenár gcuid éileamh, a chur in iúl dár rialtas. Tá achainní idirlín, atá dírithe ar Dháil Éireann, agus a éilíonn go ndéanfaí teanga oifigiúil, oibre de chuid an AE den Ghaeilge, seolta ag Fionnlanach, Panu Petteri Höglund . Ná bíodh sé le rá gur mó an díograis faoin nGaeilge atá ag eachtrannach ná mar atá ag clanna Gael féin! Beidh toghcháin Eorpacha ann an bhliain seo chugainn. An mbeidh éilimh nó tuairimí againn le cur in iúl do na hiarrthóirí? Má fhanfaimid inár dtost, ná bímis ag clamhsán agus an t-aicsean thart. Rugamar an bua linn le fiche éigin bliain anuas ar an stáitse Eorpach. Bhéarfaimid arís é ach cur chuige.


Abhaile | Daonscoil | Suíomh | Clár | Cartlann | Teagmháil


Teagmháil

Daonscoil Na Mumhan
48 Bothar Mhic Liam
Cnoc Mhuirfean
Co. Átha Cliath

E-phost: eolas@daonscoil.com