-
-
- Baile
Gaelach
Éire
agus Bhunreacht na h-Eorpa: Cá bhfuil ár dtriall?
Micheál
Mac Gréil, S.J.
(Aitheasc
ag Ócáid Oscailte Dhaonscoil na Mumhan, Dé
Sathairn, 16ú Lúnasa 2003 A.D., ag 8.15 i.n.)
A
Chathaoirligh, agus a Cháirde,
Is
mór an onóir domsa an t-aitheasc oscailte seo do Dhaonscoil
na Mumhan a thabhairt i mbliana (2003 A.D). Leath chéad bliain
ó shoin, agus mé imoifigeach óg ins na
Fórsaí Cosanta, thagainn anseo ar cuairt chuig an
bhFear Mór, ar dheis Dé go raibh a anam uasal. Bhíodh
an- mheas agam ar an laoch mór agus spreag sé meas
agus díogras ionam agus i roinnt de mo chairde chun cúis
na Gaeilge a chur cinn ar son leas mhuintir na hÉireann.
Tá ard- mholadh agus mór-bhuíochas tuilte ag
buan-choiste na Daonscoile (le leath-chéad bhliain) as ucht
na h-áise plé agus foghlamtha seo a chur ar fáil
gach Samhradh. Tá tacaíocht an phobail Ghaelaigh ag
dul don Daonscoil. (Guímís paidir bhuíochais
ar son Phádraig Uas. Ó hÍceadha, R.I.P.)
1.
Cá bhfuil ár dTriall?
Roghnaíodh
téama fíor-thábhachtach don daonscoil i mbliana
-Éire agus Bhunreacht na h-Eorpa: Cá bhfuil ár
dtriall? Tá cóip den dréacht - Constitution
for Europe agam anseo ach is oth liom nach bhfuil leagan Gaeilge
de ar fáil faoi láthair. (Sin scéal eile).
Is fiú do mhuintir na h-Éireann dian scrúdú
a dhéanamh ar mhíreanna na Bunreachta nua seo agus
na h-impleachtaí a thomhas sula nglacann siad léí
i reifreann. Im thuairimse, ní mór an dréacht
a leasú go raidiceach. Mar atá sé níl
sé inghlactha, i.e. mar atá an téasc faoi láthair.
Doiciméad an-dána atá ann a chuirfeadh deireadh
le neamhspleáchas bunúsach na hÉireann mar
Stát. Bhunófaí Stát Aontaithe na hEorpa
ina mbeadh na baill- stáit ina gCúigí gan guth
na saoirse chomh fada is a bhaineann sé le neodracht, polasaithe
idir-náisiúnta agus féin riail. Is Ollstát
nua a bhéadh in Aontacht na h-Eorpa (The European Union)
ar nós Aontacht na bPoblacht Sóibhéadach Sóisialta
i slí. Bheadh Comhchruinniú Chomhlachta (Competences)
ag an Aontacht ó thaobh Cúrsaí eacnamaíochta,
fostaíochta, polasaithe eachtrannacha, trádála,
mara agus gnéithe cosanta (míleata) - (féach
altanna 11 agus 12, lth. 16-18). Is beag a bheadh fagtha ag na baill
stáit ach cur i bhfeidhm na rialacha agus dlíthe a
thiocfadh ón mBruiséil, Strasbourg agus Frankfurt.
Níos mó ná sin, tá an talamh réidh
chun tuilleadh comhachtaí (competences) a larnú
ag na baill stáit. Tá cúrsaí áirithe
fós faoi chóras chomhroinnte (féach alt 13,
lth. 18-19), i.e.margadh inmheánach, dlí agus cirt,
talamhaíocht agus iascaireacht (seachas caomhnú achmhainní
bitheolaíochta), fuinneamh, córas taistil (inmheánach),
timpeallacht, cosaint úsáidí earraí
agus seirbhísí, agus gnéithe a bhaineann le
slándáil. Tá laghdú ar usáid
an veto ag na baill-stáit agus leis an gcóras nua
vótála (féach alt den bPrótocol lth.
122-123) beidh guth na hÉireann níos lú amach
anseo, i.e. 7 as 232 nó 1:33. Is ag Comhairle na h-Airí
a bhíonn éagsúlacht idir luach méid
na vótaí m.shampla, bíonn luach 29 vóta
ag Aire na Breataine Móire nuair nach mbíonn luach
7 ag vóta Aire na h-Éireann. Tagann na h-éagsúlachtaí
seo isteach san áireamh nuair a bhíonn tromlach coinníollach
(qualified majority) i gceist ag Comhairle na hAirí.
2.
Stát Aontaithe na hEorpa?
An
rud is measa faoin mbrú ar aghaidh i dtreo Stát
Aontaithe na h-Eorpa, atá léirithe san dreacht
bhunreachta, ná nach bhfuil sé ciallmhar sa fad-téarma.
Tá sé in éadan spiorad an Chomhargaidh inar
chláraigh an Stát seo i 1973. Comh-cheangal idir Stát
neamhspleacha a bhí ann ag an am. Chomh maith leis an mbuntáiste
polaitiúil a tháinig as comhoibriú sa trádáil,
chothaigh an comhoibriú céanna aontas agus sheachain
sé coimhlint throdach mar a tharla idir 1914 agus 1918 agus
arís idir 1939 agus 1945. Is féidir a admháil
gur éirigh leis an gComhargadh an tsíocháin
eadar-Stát a chothú. Ach nach leor an saghas comh-cheangal
a bhí ann go n-uige seo, gan an chéim lárnaithe
(centralist) atá fógraithe sa Bhunreacht úr
a chur anuas orainne? Dáiríre, tá an iomarca
comhachta ag an maorlathas lárnach mar atá cúrsaí
Aontacht na h-Eorpa faoi láthair. Is leasuithe dí-lárnaithe
atá ag teastáil - in áit a mhalairt. Rud eile,
ní ón mbun ach ón mbarr a tháinig an
t-éileamh lárnaithe.
Nuair
a tionóladh an Chomhdháil/Convention (a dhréachtaigh
an Bhunreacht úr) le chéile ar dtús bhí
daoine ag ceapadh nach raibh le déanamh ag na baill ach sort
cnuasacht inléite de na rialacha a ritheadh cheana féin
a chur le chéile faoi dhá chlúdach. Cinnte
bheadh gá le h-eagarthóireacht a dhéanamh ar
an téasc anseo agus ansiúd. Faoi chathaoirleachacht
Valery Giscard dEstaing, Guiliano Amato, agus Jean-Luc Deharne,
áfach chuaigh an comhdháil i bhfad níos leithne
agus níos doimhne ná mar a bhíothas ag súil
leis ins an doiciméad seo atá faoin ár mbráid.
Más é go raibh sé an- deacair ar mhuintir na
hÉireann glacadh le Conradh Nice, tá seans
ann nach mbeidh siad sásta tuilleadh lárnú
chomhachta a ghéilleadh an chéad uair eile. Tá
súil agam go mbeidh plé chothrom ann an uair seo agus
nach mbeidh brú míchothrom á chur ag na fórsaí
cumarsáide agus polatiúla a rialaíonn cúrsaí
na tíre.
3.
Comhionannas?
Bheadh
sé amaideach a rá nach bhfuil moltaí agus smaointe
maithe sa an bhunreacht nua seo. Fáiltím roimh an
Chairt Chearta atá foilsithe faoi Theideal a Dó sa
téasc. Tá súil agam go mbeidh gach tír
sásta glacadh léí chun cearta bunúsacha
an uile dhuine a chosaint.
Mo
léan, níl an fhís atá léirithe
sa Bhunreacht go maith ó thaobh cur chun cinn chothrom na
Féinne idir thíortha an Domhain Mhóir. Cinnte,
táthar ag súil le méadú seirbhíse
agus áiseanna sóisialta agus cultúrtha dshaoránaigh
na h-Eorpa (na Firéin Nua!). Ach , is sort daingean
a bheidh sa Eoraip nua a choinneoidh na h-inimircigh bochta amach
i.e. Fortress Europe. Méadóidh an bhearna
saibhris idir Aontacht na h-Eorpa agus an Triú Domhan. Spreagfaidh
an bhearna eagórach seo éad agus fuath chomh maith
le trioblóidí míleata idirnáisúnta
amach anseo. Ní síocháin go cothrom na féinne
idirnáisiúnta, chomh maith le cothrom na féinne
taobh istigh de na náisiún éagsúla.
Ní fheicim morán sa Bhunreacht seo a chuirfeadh le
cothrom na féinne ar leibhéal domhanda.
4.
Féin-Riail?
I
gcomhthéacs pholasaithe na tíre seo agus ár
gcúlra polaitiúil, sílim go dtrasnaíonn
Alt a 15 an líne!
Art.
15 1. The Unions competence* on matters of common foreign
and security policy shall cover all areas of foreign policy and
all questions relating to the Unions security, including the
progressive framing of a common defence policy, which might lead
to a common defence.
2.
Member states shall actively and unreservedly support the
Unions common, foreign and security policy in a spirit of loyalty
and mutual solidarity and shall comply with the acts adopted by
the Union. They shall refrain from action contrary to the Unions
interests or likely to impair its effectiveness. (PP20/21)
(*
Focal Nua don gcoincheap Cumhacht)
Má
ghlactar leis an alt seo is deacair a rá cá mbeidh
saoirse, neamhspleáchas agus polasaí neodrachta na
h-Éireann amach anseo. An mbeidh aon bhrí le ballraíocht
ins na Náisiúin Aontaithe do bhaill-stát Aontacht
na h-Eorpa? Nuair a chuirtear na moltaí chun Uachtarán
agus Aire Ghnóthaí Eachtracha Aontacht na h-Eorpa
a cheapadh (féach alt 26 agus 27) san áireamh, tá
sé soiléir gur céim mhór í a
Bhunreacht seo i dtreo Stát lárnach Eorpach. Céard
a bheidh le céiliúradh againn in Éirinn i 2016
nó i 2022 A.D.? Beidh ár saoirse agus ár neamhspleáchas
imithe taobh istigh de 100 bliain ón Éirí Amach
má ghlactar leis an alt thuas luaite!
Níos
coscraí fós dár ndearcadh neamhspleách
agus do chlú idirnáisiúnta na hÉireann
a bheidh ár comhcheangal le fórsaí Cosanta/
Míleata na h-Eorpa (AE). De facto, beidh na fórsaí
seo ceangailte fite-fuaite i NATO chun leas an Iarthair
a chosaint. Cá mbeidh ár seasamh neamhspleách
ag na Náisiún Aontaithe má bhímid ceangailte
mar seo? Ní dóigh liom gur ceart don tír seo
aontú leis an gcaidreamh défhiúsach (ambivalent)
seo le Fórsaí Míleata na h-Eorpa (AE)
Rud
eile atá soiléir ó chláraigh Éire
sa Chomhargadh ná an dá saghas córas dlí
atá i bhfeidhm i Mór Roinn an h-Eorpa agus in Éirinn
( agus sa Bhreatain Mhór chomh maith). Nuair a bhíos
féin ag déanamh stáidéir ar chúrsaí
dlí in Ollscoil na Lováine sa Bheilg i 1963 - 64 is
ea a chéad thuig mé an mhór-éagsúlacht
idir córas na Mór Roinne agus ár gcóras
féin Éirinn. Sa Mhór Roinn bíonn an
bhéim ar chódú (codification) gach ní,
ach bíonn tábhacht níos mó anseo in
Éirinn ag baint le nós agus réamhshampla na
gcúirteanna. Córas dlí coitianta
(common law) atá in Éirinn. De réir mar a théann
tionchar an AE i bhfeidhm beidh an códú ag
dul i méid agus tionchar an dlí choitianta á
bhrú ar chúl . Tá sort cóilíniú
reachtúil ar súil céim ar chéim! Rinne
Napoleon 1 an rud céanna nuair a chuir sé an cód
Napoleon i bhfeidhm ar fud na Mór Roinne ins na
tíortha a chuir sé faoin a chois!
5.
Teoiric an Dionosáir
Ag
breathnú dúinn ar stair na sibhialtachta, bíonn
fadhbanna faoi leith ag mór-bhlacanna náisiún!
Nuair a eiríonn siad ró-mhór agus ró-lárnaithe
titeann siad as a chéile. Nuair a thuigeann na daoine go
bhfuil siad imeallaithe ag an gcorás lárnach ní
féidir a ndílseacht agus a rannpháirtíocht
a chinntiú. Chomh maith leis sin eiríonn ceist ollchomhachta.
Thabharfainn Teóiric an Dionosáirar an
gcruachás, i.e. éiríonn an corp ro-throm do
na cosa, m.sh. Impireachtaí na Róimhe, Aontacht na
bPoblacht Soibhéideach Sóisialta agus srl... Cheana
féin, tá muintir na hÉireann (cosa na
hEorpa) ag mothú easpa comhachta de bharr an mhéadaithe
i lárnú rialtais sa Bhrúiséal! Sílim
go bhfuil an scéal ag éirí amhlaidh i gcás
chosmhuintir eile na hEorpa. Más fíor an anailís
seo ar éabhlóíd Aontacht na hEorpa go dtí
seo ní mór dúinn an coincheap chomhoibritheach
a bhíodh sa Chomhargadh ar dtús a athbheochán
agus comhacht a thabhairt ar ais do na baill-stáit, in áit
í tharraingt uathú! Mar a fheictear domsa, táimíd
ag dul ar strae faoi láthair isteach i gcul de sac na Comhachta
lárnaí!
6.
Críoch
Mar
chríoch ar mo chúpla focal ba mhaith liom arís
buíochas a ghabháil le choiste stiúrtha na
Daonscoile as ucht na h-ócáide chun mo thuairmí
a nochtú ar cheist Éire agus Bunreachtaí Nua
na hEorpa. Táim féin an-bhuartha faoin ngluaiseacht
i dtreo Stát lárnach a chruthú sa Chomhargadh.
Ní bheidh sé go maith do mhuintir na mball-stát
ná don Domhan mór. Cruthóidh sé aonad
eile ollchomhachta agus bheidh na saoránaigh imeallaithe
dá bharr. Dáiríre is saghas impireacht nua
a bheidh á chrúthú againn má leanann
muid ar aghaidh leis an mbunreacht seo. Ba cheart sos a ghlacadh
chun impleachtaí fadtréimhseacha a mheas. Níl
na h-athruithe ag teacht ó na gnáthdhaoine ach ó
daoine ar bharr an mhaorlathais.
Tá
súil agam go spreagfaidh na smaointe a dardaíos
anseo plé agus díospóireacht le linn na Daonscoile
seo. Is daoine fásta sinn agus is féidir éagsúlacht
tuairmí a léiriú taobh istigh de phlé
cáirdiúl béasach. Rath Dé ar obair,
imeachtaí agus caitheamh aimsire na Daonscoil 2003 A.D.
Go
raibh maith as ucht bhúr n-éisteachta
|